Thosaigh Éamonn ag obair i monarcha McNutts [ar na Dúnaibh] i 1956 ar thrí phunt sa tseachtain ar dtús.
Fad: 00:01:34 Éist
Ag obair i monarcha McNutts (monarcha fíodóireachta) - mar pháirt den phost théadh Éamonn go BÁC fá choinne cúpla lá achan seachtain ag déanamh scrúdú ar na píosaí éadaí sula gcuirfí ar aghaidh iad. Chaith sé cúig bliana is fiche ó 1966 go dtí 1981 ag obair ann agus seal maith mar bhainisteoir táirgíochta. D’athraigh an próisis táirgíochta go mór thar na blianta – bhí níos lú oibrithe ag coimhéad níos mó meaisíní agus 3 shift ag dul ar aghaidh ar feadh an lae.
Fad: 00:04:37 Éist
Nuair a d’éirigh Éamonn as McNutts, bhunaigh sé a ghnó féin ag cur isteach cistineacha. Chuaigh sin go maith ar feadh 2 nó 3 bliana go dtí gur stad na tithe úra ag gabháil suas sna 80í. Bhunaigh sé gnó fíodóireachta agus bhí sé ar siúl ar feadh cúpla bliain go dtáinig meath ar an ghnó sin. Bhí droch-am ann san am sin – bhí athrú ag teacht. Ina dhiaidh sin, chuaigh sé go Sasana (Londain) ag gabháil d’obair thógála ar na buildings cúpla bliain, ag déanamh shutteráil - chaitheadh sé thart fá 6 mhí achan bhliain thall. Ar a philleadh chun an bhaile, chuaigh sé ar ais go monarcha McNutts – bhí siad ag déanamh fíodóireacht láimhe fá choinne troscáin ag an am. Chuaigh sé i mbun gnó i bpáirtíocht le fear eile.
Fad: 00:03:40 Éist
Saol agus slí bheatha sna Dúnaibh sa lá atá inniu ann. Tá Éamonn faoin tuairim go bhfuil an áit scriosta ó thaobh an méid tógála agus méid carbhán atá ann, chomh maith le tithe saoire. Bíonn fadhbanna le bruscar fosta ar fud an cheantair. Maidir le hobair atá ar fáil sa cheantar bíonn tógáil tithe ag gabháil go maith go fóill chomh maith le turasóireacht. Níl ach cúpla bád ag déanamh iascaireachta anois ar na gliomaigh nó ar phortáin – thart fá duisín ag obair uirthi. Má thagann moill ar an tógáil, tiocfaidh sé go tapaí agus beidh ar dhaoine imeacht arís [ar imirce].
Fad: 00:02:57 Éist